1949: Declaration of Dáil Éireann
1949: Declaration of Dáil Éireann
Ar mbeith do Dháil Éireann,
Dáil Éireann,
AG ATHDHEARBHU go sola- manta ceart do-chloíte náisiún na hÉireann chun aontachta agus comh- láine na gcríocha náisiúnta,
SOLEMNLY RE-ASSERTING the indefeasible right of the Irish nation to the unity and integrity of the national territory,
AG ATHDHEIMHNIU ceart cean- nasach mhuintir na hÉireann chun cibé cineál Rialtais is rogha leo féin a bhunú agus, trína n-institiúidí daonfhlathacha, chun gach ceist a chinneadh a bhaineas le beartas náisiúnta, gan cur isteach ón taobh amuigh,
RE-AFFIRMING the sovereign right of the people of Ireland to choose its own form of Government and, through its democratic institutions, to decide all questions of national policy, free from outside interference,
Á SHEANADH aon teideal a bheith ag Parlaimint na Breataine chun reachtaíocht a bhainfeadh le comhláine críocha na hÉireann d’achtú contrártha do na cearta sin, agus
REPUDIATING the claim of the British Parliament to enact legislation affecting Ireland’s territorial integrity in violation of those rights, and
Á RÁTHU rún daingean a bheith ag muintir na hÉireann leanúint den troid in aghaidh deighilt éagórach mhínádúrtha ár dtíre go dtí go dtugtar an troid sin chun dea- chríche;
PLEDGING the determination of the Irish people to continue the struggle against the unjust and unnatural partition of our country until it is brought to a successful conclusion;
CUIREANN DÁIL ÉIREANN AR TAIFEAD a bhfriotaíocht chóir fheirge i gcoinne reachtaíocht a thabhairt isteach i bParlaimint na Breataine a airbheartaíos an chríoch- dheighilt a rinneadh ar Éirinn a dhaingniú agus a bhuanú, agus
PLACES ON RECORD its indignant protest against the introduction in the British Parliament of legislation purporting to endorse and continue the existing partition of Ireland, and
GAIRMEANN DÁIL ÉIREANN ar Rialtas agus ar mhuintir na Breataine deireadh a chur lena seilbh ar na sé contaethe thoir thuaidh d’ár dtír, agus ar an gcuma sin a thabhairt go bhféadfar aontacht na hÉireann d’aiseag agus deireadh a chur le mí- aighnis na n-aoiseann idir an dá náisiún.
CALLS UPON the British Government and people to end the present occupation of our six north-eastern counties, and thereby enable the unity of Ireland to be restored and the age-long differences between the two nations brought to an end.